An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.25

Mar an gcéanna i gcás trácht
- ar an aimsir,
- ar an am,
- ar an bhfad slí:
- tá sé fuar (fliuch, etc.)
- tá báisteach (sioc) air
- tá aiteall aige
- tá aithne an lae air (an chéad chuid de bhánú an lae)
- bhí sé a trí a chlog
- bhí sé ina oíche nuair a thángamar
- tá sé céad míle as seo go Corcaigh.

Ach má luaitear an focal aimsir, uair (aimsir), uain, is é an forainmneach
baininscneach is gnách:
- is deas an aimsir í
- is millteanach an uair (uain) í.