13.27
Ní hé an t-ainmní ainmfhoclach ach an fhaisnéis a chinneann inscne na
fofhaisnéise forainmní de ghnáth, fiú amháin nuair atá an fhaisnéis scartha ón
bhfofhaisnéis.
Tá cló trom ar an bhfaisnéis agus ar an bhfofhaisnéis sna samplaí seo a leanas:
- ní
- hí an speal
- an gléas is fearr
- is
- é
- mo thuairim
- go bhfuil siad tinn
- ba
- é
- mo chomhairle dó
- an fheirm a dhíol.
Mar sin féin, téann tionchar inscne an ainmní i bhfeidhm ar inscne na
fofhaisnéise corruair.
Tarlaíonn sin fosta nuair is forainm pearsanta an t-ainmní:
- is é an chéad chrann a tharla dó saileach mhór
- más é toil Dé é.
Is minic an forainm baininscneach taobh le
- ceist,
- cúis,
- fírinne
nuair atá focal amháin den phéire ina ainmní agus an focal eile ina fhaisnéis:
- sin í an cheist (chúis, fhírinne).