An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.28
Uimhir An Fhorainmnigh
Is iondúil go ngéilleann an forainmneach dá ainmfhocal ina uimhir:
- cuir ort do mhiotóga, a Sheáin
- cuirigí oraibh bhur miotóga, a gharsúna
- maith sibh, a fheara
- mo cheol thú, a mhic.

Ach is gnách go ngabhann cnuasainm uatha forainmneach iolra más iad baill
indibhidiúla an chnuais atá i gceist:
- tá beirt amuigh agus iad ag troid
- an mhuintir a raibh mé leo, cuireadh a dteach trí thine
- theithfeadh an tréad dá bhfeicidís faolchú.

Ach is mór an tréad é.