An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.44

Is minic nach léiríonn an comhthéacs cé acu treisfhocal nó dobhriathar treise
(21.35) atá san fhocal féin.

Dá thairbhe sin, tá claonadh ann forainm breise a chur roimh an treisfhocal féin
chun athbhrí a sheachaint:
- bhí an sagart paróiste é féin ann
- dá bhfeicfinn mé féin iad.

Agus fiú amháin nuair nach bhfuil aon athbhrí ann:
- ba é an Pápa é féin a chum an phaidir sin.

Forainm treisithe breise atá san abairt:
- chonaic mise mé féin é.