13.45
Úsáidtear an forainm taispeántach
- seo,
- sin,
- siúd,
ar cheithre bhealach
- go comhaisnéiseach le forainmneach atá roimhe:
- is capall é sin
- tabhair cabhair dóibh seo
- cá bhfuil a bhean siúd?
- dá rachaidís siúd
go comhaisnéiseach roimh an bhforainm pearsanta:
- sin é an capall
- seo í an bhean
- siúd iad na gardaí
thar ceann an fhorainm phearsanta:
- tá sin ceart
- ól seo
- an bhfuil siúd amhlaidh?
- léim siúd ar an gcapall
- sin cat
- seo an mála
- siúd an fhírinne
- cad seo?
- cé sin?
- sin sin
- mar seo
- go dtí sin
- gan siúd a ól
- le feidhm dobhriathair:
- chomh hard seo (sin, siúd).
Is dobhriathra na cumaisc ansin (am, áit), anseo (áit), ansiúd (áit).