An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.47

Tá na focail thaispeántacha go léir difriúil leis na treisfhocail eile sa mhéid
go gcuireann siad in iúl eatramh de shórt éigin a bheith idir an cainteoir agus
an rud atá i gceist aige:
- eatramh slí,
- eatramh ama,
- eatramh measa

Is féidir trí roinn a dhéanamh díobh:
- seo, anseo
- sin, ansin
- úd, siúd, ansiúd.