An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.48

Léiríonn na focail seo, anseo, cóngaracht don chainteoir.
- áit (in aice an chainteora):
- an fear seo
- iad seo
- a litir seo
- air seo
- fanaidís seo leat
- seo é é
- ól seo
- fan anseo

- am (ionann is láithreach nó díreach caite):
- an abairt seo a leanas
- roimhe seo
- faoin taca seo
- an mhí seo caite
- meas (muintearas):
- a bhean seo (my good woman)
- a ghiolla seo (my dear chap)
- cad é seo is ainm duit
- (an cainteoir ag cur in iúl, le cneastacht nó le searbhas,
- gur chóir go mbeadh a fhios sin aige)

gluaiseacht (i dtreo an chainteora)
- seo amach (isteach) é.