An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.51
Léiríonn na comhráite seo a leanas mar a úsáidtear
- seo,
- sin,
- siúd,
ag tagairt don chomhrá é féin:
- Peadar: Nach bhfuil a fhios agat gur briseadh cos leis?
- Pól: B'fhéidir gur chuala mé rud éigin faoi sin.
- Peadar: Tá siúd amhlaidh. Agus seo rud eile....

Is don abairt roimhe atá

sin

ag tagairt.

Don abairt roimh an abairt roimhe atá

siúd

ag tagairt.

Don abairt atá le teacht atá

seo

ag tagairt:

- Sinéad: Bíonn páistí an oileáin ag siúl i gceann míosa.
- Siobhán: Cad a deir tú?
- Sinéad: Deirim é siúd.

- Sampla eile:
- Tá sé go hainnis agat. Tá sin.