13.50
Léiríonn úd, siúd, ansiúd eatramh mór a bheith idir an cainteoir agus an rud atá
i gceist aige.
- áit (giota maith ar shiúl):
- a fhir úd thall ar an gclaí!
- féach orthu siúd
- tabhair chugam é siúd
- siúd ansiúd é
- am (fada ó shin):
- an rud úd a dúirt Críost
- iad siúd a bhí liom anuraidh
- cá hainm siúd é?
- meas (béasach):
- éist, a bhean úd (madam)
- (ardmheas):
- Pádraig Mac Piarais úd
- tógaimis lia os a leacht siúd
- (drochmheas):
- fan amach uathu siúd
- Diarmaid Mac Murchú úd.