13.54
Maidir le habairtí den chineál deireanach sin thuas ina bhfuil dhá phéire
forainmneach i bhfritéis, is minic nach gá gach ceann den cheathrar a threisiú
le hiarmhíreanna.
De réir an chomhthéacs is minic nach gá iarmhír ach le ceann nó dhó:
- feicfidh sé thú sula bhfeicfidh tusa é
- tuigim go n-aithníonn tú mé ach ní aithnímse thusa.