13.55
Agus is leor dul na habairte féin go minic le treisiú a dhéanamh gan dul i
muinín iarmhír ar bith:
- d'amharc sí air agus é uirthi
- níl aon bhaint agam leo ná acu liom
- éirigh díom agus éireoidh mé díot
- bhí radharc agam air agus gan aon radharc aige orm
- mura maróidh tú é maróidh sé thú
- má bhí grá agat do Sheán, ní raibh grá aige duit.
Mar an gcéanna má chuirtear ainmfhocal nó dhó in ionad na bhforainmneach:
- ní chuimhneoinn go deo ar Mháire ná í orm.