13.57
Cé gur taispeáint is feidhm leithleach do na focail thaispeántacha, is minic a
léiríonn siad fritéis freisin.
Is gnách gur
- seo,
- siúd
- anseo,
- ansiúd
na péirí fritéiseacha
ach úsáidtear
- seo,
- sin
- anseo, ansin go fritéiseach amanna:
- dúirt cuid acu a leithéid seo agus cuid eile a leithéid siúd
- é seo agus é siúd (é siúd agus é seo)
- ní hé seo ach é siúd
- ní hé sin ach é seo
- d'imigh sin agus tháinig seo
- anseo agus ansiúd (ansiúd agus anseo).