An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.58

Is gnách tús áite ag an iarmhír ar an bhfocal taispeántach nuair atá daoine le
cur i bhfritéis nach bhfuil

ar aon uimhir:
- rachadh seisean dá rachaidís-sean

ar aon phearsa:
- tá Gearmáinis agamsa ach níl aigesean

ar aon ghnéas más den tríú pearsa uatha iad:
- tugadh cead a chos dósan ach cuireadh ise i bpríosún.

In aon chás eile ní mór an focal taispeántach (nó múnla cainte éigin eile) a
úsáid:
- rachadh sé seo dá rachadh sé siúd
- tá Gearmáinis acu seo ach níl sí acu siúd
- tugadh cead a cos di sin ach cuireadh í seo i bpríosún.