13.61
Na Treisfhocail agus Úinéireacht, Gaol, etc.
Úsáidtear an treisfhocal taispeántach, agus, go hiondúil, iarmhír nó an
treisfhocal féin i gcuideachta na bhfocal agam, agat, etc. i bhfrásaí
tábhachtacha áirithe a léiríonn úinéireacht nó gaol. Le hainmneacha daoine agus
leis na focail baile, teach, tír is mó a úsáidtear iad:
- Seán seo againne
- Dónall seo (sin) agaibhse
- Síle seo againn féin
- Pádraig seo aici féin
- an teach seo againne
- tá Gráinne thíos tigh seo agaibhse
- d'fhág siad an tír seo acu féin
- an baile seo againne
- na gadhair sin acusan.
Uaireanta ní bhíonn aon treisiú ar an bhforainm réamhfhoclach:
- an teach pobail seo acu
- an bosca lasán seo agam.