An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.62
Ord na bhForainmneacha
Tugtar tús áite don chéad phearsa agus deireadh áite don tríú pearsa nuair a
cheanglaítear dhá fhorainmneach nó forainmneach agus ainmfhocal le focail mar
agus, nó, ná nó leis an gcopail.

Foirmeacha treise is mó a bhíonn i gceist:
- idir mise agus tusa
- agatsa nó aigesean
- linn féin ná leosan
- dá mba mise tusa
- dá mba mé tú d'imeoinn
- mise agus an rí
- sibhse agus na mná rialta.