13.63
Forainmnigh Iarthagracha & Réamhthagracha
Tugtar téarma an fhorainmnigh ar an bhfocal nó ar na focail a seasann an
forainmneach thar a gceann.
Deirtear go bhfuil an forainmneach iarthagrach nó réamhthagrach de réir mar is i
ndiaidh an téarma nó roimhe atá sé.
Sna samplaí in 13.64-71 tá cló trom ar an bhforainmneach, cló éadrom rómhánach
ar an téarma agus cló iodálach ar an gcuid eile den sampla.