An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

2.7
Leathnú agus Comhlánú

Leathnú an ainmní:
cáilitheoirí an ainmní24

Leathnú an chuspóra:
cáilitheoirí an chuspóra

Leathnú an bhriathair:
focail atá ag cáiliú an bhriathair ach nach bhfuil ag teastáil le brí an
bhriathair a dhéanamh iomlán:
- d'éirigh an oíche fuar go tobann.

Deirtear "leathnú na faisnéise" freisin.

Comhlánú briathair:
focail (amach ón gcuspóir agus a leathnú) a ghabhann le briathar chun a bhrí a
dhéanamh iomlán:
- d'éirigh an oíche fuar.

Deirtear "comhlánú na faisnéise" freisin.

Bíonn comhlánú i gceist le haidiachtaí briathartha:
- níor mhaith liom éirí róthrom
- agus le hainmneacha briathartha:
- an bhfuilimid éirithe leisciúil?