2.6
Cáilitheoir Ainmfhocail:
Is é atá i gceist le cáilitheoirí ainmfhocail focal nó grúpa focal a dhéanann
gnó aidiachta aitreabúidí, mar atá
- aidiacht: fear mór
- an t-alt: na fir
- ainmfhocal sa ghinideach:
- oíche sheaca
Ainm Briathartha sa ghinideach:
- am imeachta
Frása aidiachtach:
- fear gan mhaith
Clásal Aidiachtach:
- an rud is eol dom.
Má tá a cháilitheoirí féin ag cáilitheoir ainmfhocail áirítear iad ina gcuid de
cháilitheoir an ainmfhocail:
- teach cuibheasach mór.