An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.66

Is minic a úsáidtear forainmneach iomarcach d'fhonn treise nó cothromaíochta.

Sna cásanna sin:
bíonn an téarma saor de ghnáth, is é sin, seasann sé lasmuigh de chomhréir na
habairte:
- na fir a bhí anseo aréir tháinig siad ar ais inniu
- an rud a fheiceann an leanbh is é a dhéanann sé
- ag Oireachtas na bliana seo caite is ann a labhair sé liom
- capall is ea é
- dá dheirge iad is ea is fearr.

Sna samplaí seo a leanas, áfach, níl an téarma saor cé go bhfuil a fhorainmneach
iomarcach:
Tá an briathar a ghabhann roimhe iomarcach leis:
- níl fear a bhuailte sa pharóiste, níl sin
- bhí scata de shaighdiúirí Síneacha agus oifigeach orthu, bhí sin ag cuardach na dtithe.