An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.67

An Forainmneach Réamhthagrach

Tá an téarma saor i bhformhór na samplaí anseo thíos.
Tá siad aicmithe de réir shaghas an fhorainmnigh:

- a) forainm pearsanta
- é,
- í,
- iad
- mar fhofhaisnéis in abairt ionannais de ghnáth roimh an ainmní in abairtí mar:
- cad é an áit?
- cad é an cheist?
- is líonmhar iad a mbuíonta.

- b) an forainm pearsanta sé:
- tá sé chomh maith againn imeacht
- an bhfuil sé cruthaithe gur spiairí iad?

c) an forainm neamhphearsanta (go neodrach) ea:
- an ea nach dtuigeann tú?

d) an forainm taispeántach

sin

- is minic sin togha fir camshlinneánach
- ba mhinic sin sagart duine a mharú!
- bhí sin ann bulaí fir

i gcomhaisnéis le forainm pearsanta:
- é sin:
- cad é sin duitse sin?
- cad é sin dúinne sibhse?
- cad é sin dise cá bhfuil an bosca?

- e) an aidiacht shealbhach (an tríú pearsa, firinscneach, uatha)
- ina aonar nó i gcumasc le réamhfhocal
- a: tá a lán airgid aige
- is maith liom a chloisteáil gur chuir tú díot an taom
- tá a fhios agat go bhfuil sé dall
- bhí áthas orm a fheabhas a d'éirigh leo
- bhí ionadh orm a laghad airgead a bhí aige

- dá (do + a):
- dá fheabhas Eibhlín is fearr Caitlín
- dá ghastacht iad tá dul amú orthu
- dá laghad thú ní leanbh thú
- dá óige iad is ea is fearr
- dá mhéad an t-airgead atá aige níl sé sásta

- á (do+a):
- bhí sé á mhaíomh go raibh sé ina fhear ag Tomás
- nílim á rá nach peaca é

- Is minic a úsáidtear an réamhfhocal ag in ionad á in abairt mar sin thuas.
- Sa chás sin bíonn feidhm ghinideach ag an gclásal:
- nílim ag rá nach peaca é.

- trína, lena, etc. (trí + a, le + a, etc.):
- moladh í trína fheabhas a rinne sí an obair
- bhí an dochtúir sásta lena fheabhas a bhí mé.

Bíonn an aidiacht shealbhach réamhthagrach neamhspleách ar a téarma i dtaca le
- pearsa,
- uimhir
- agus
- inscne.

f) forainm réamhfhoclach
- acu:
- cé acu is fearr leat bainne nó tae?
- nílim cinnte cé acu a eitleoimid nó a rachaimid ar an mbád
- cé acu den dá leabhar is fearr leat?
- air:
- tá mé ag brath air go dtiocfaidh tú
- as:
- bhí siad ag maíomh as gur bhuaigh siad
- dó:
- níor fhéad mé aon tuairim a thabhairt dó cérbh í

- de ina aonar nó i gcumasc le breischéim aidiachta:
- bí cinnte de gur agam atá an ceart
- an fearrde thú an bia?
- ní móide go dtiocfaidh sé
- ní lúide is rí mise gan é sin a bheith umhal dom
- ní miste [duit] imeacht anois
- ní troimide an ceann an léann.

- Mar seo a dhéantar an cumasc:
- mó + de -> móide
- lú + de -> lúide
- measa + de -> miste.
- Déantar i de e i gcás aidiachtaí breischéime dar críoch -e:
- troime + de -> troimide.