13.76
Cá:
D'aon rud seachas an duine a thagraíonn cá. Más clásal copaileach an clásal
coibhneasta a leanann é déantar cumasc de cá + copail an chlásail sin i gcásanna
áirithe, mar is léir ón dá shampla tosaigh thíos.
Nuair nach ndéantar an cumasc ligtear ar lár an chopail, agus cuirtear h roimh
ghuta ar a lorg.
Séimhítear an t-ainm teibí céime.
Is iad seo thíos príomhfheidhmeanna cá:
- feidhm forainm roimh fhorainm réamhfhoclach:
- cárb as tú?
- cárbh as Caesar?
- cá hair a raibh sibh ag caint?
- cá leis ar briseadh an fhuinneog?
- feidhm aidiachta roimh ainmfhocal:
- cá hainm atá ort?
- cá haois thú?
- cá háit a bhfuil sé?
- cá bhfios dom (urú eisceachtúil anseo)
- cá taobh ar ghluais sé?
- cá tír as ar tháinig sé?
- cá tairbhe duit é?
- cárbh ionadh é sin?
- cárbh fhios dom?
- cá mhéad úll ann?
- cá fhad ó bhí sé anseo?
- cá mhinice a d'airigh tú é?
- mar dhobhriathar roimh aidiacht:
- cá beag duit a thúisce?
- cá fada a mhairfidh sé duit?
- cá fearr duit díomhaoin é?