13.77
- Cad:
- D'aon rud seachas an duine a thagraíonn cad
- roimh fhorainm réamhfhoclach:
- cad leis ar briseadh é?
- cad chuige é sin?
- roimh réamhfhocal:
- cad mar gheall air?
- cad ina thaobh?
- roimh fhorainm (pearsanta nó taispeántach):
- cad é an rud é sin?
- cad [é] sin?
- roimh aidiacht:
- cad eile?
- roimh bhriathar nó roimh mhír choibhneasta:
- cad atá ann?
- cad ba mhaith leat?
- cad a dhéanfaimid?
(Is minic a úsáidtear cad é in ionad cad sna cásanna seo).