13.79
Cé nach dtagraíonn
cad
agus
céard
don duine, is minic iad ag tagairt don saghas duine atá ann:
- cad (cad é, céard) atá ann ach amadán?
- cad é rud (céard) é féin ach oiread le haon fhear eile?
- Peadar: Cad é rud é (What is he)? Pól: Cléireach bainc.
- Sinéad: Céard é? Siobhán: Mac óg (caint faoi ghnéas linbh).