An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.80

Cé:
Don duine nó don rud a thagraíonn cé.

Baintear feidhm as foirmeacha coibhneasta den chopail i gcumasc le cé sna
cásanna seo:
- cérbh = cé + an fhoirm stairiúil dhíreach roimh an bhforainm pearsanta:
- cérbh é (í, etc.)?
- cér = cé + an fhoirm neamhdhíreach (príomha nó stairiúil) roimh díobh

nuair atá gaol i gceist:
- cér díobh thú?
- cér díobh Aodh Rua?
- cér (= cé + an fhoirm neamhdhíreach stairiúil den chopail)

roimh leis (forainm réamhfhoclach) nuair atá úinéireacht i gceist:
- cér leis an ardríghe an t-am sin?

Níl aon rian den chopail roimh leis más aimsir phríomha atá i gceist, nó mura
bhfuil gaol i gceist:
- cé leis anois iad?
- cé leis a raibh tú ag caint?