An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.81
Úsáidtear cé ag tagairt don duine
- roimh an bhforainm réamhfhoclach:
- cé aige a bhfuil an scuab?
- cé dó ar thug tú é?

- roimh an bhforainm pearsanta nó taispeántach:
- cé hé?
- cé sin?
- cé mé féin?

- roimh an réamhfhocal:
- cé ina choinne?
- cé ar a shon?

- roimh an dobhriathar:
- cé eile?

- roimh bhriathar nó roimh mhír choibhneasta:
- cé atá ag caint?
- cé a rinne é?
- cé a bhfuil an tae ina chomhair?

- le feidhm aidiachta roimh an alt:
- cén sagart é seo?
- cé na fir a d'imigh?