13.83
Déantar an forainm
cé
a úsáid i gceist ina n-iarrtar rogha a dhéanamh as péire nó as cnuas níos mó,
ina ndaoine nó ina rudaí na haonaid.
Is iondúil go mbaintear feidhm as an tabharthach rannaíoch,
- againn,
- agaibh,
- acu,
- ar lorg cé:
- cé acu bean (capall, leabhar) a bhí ann?
- cé agaibh a bhfuair sé greim air?
- cé acu go Corcaigh nó go Gaillimh a d'imigh sé?
- níl a fhios agam cé acu a ghlacfaidh Peig Eoin nó a dhiúltóidh sí é.