13.84
Má tá comparáid sa rogha féadtar an tabharthach rannaíoch a chur ar leataobh
nuair nach ainmfhocal iolra atá ann ná cnuasainm a thagraíonn do na nithe as a
bhfuil an rogha le déanamh:
- cé [acu] is daoire tae nó siúcra?
- cé [agaibh] is sine tusa nó Risteard nó Mánas?
Ach más ainmfhocal iolra nó cnuasainm atá ann,
is gnách dhá thabharthach rannaíocha a bheith ann,
mar atá againn, agaibh, acu go réamhthagrach, agus de + ainmfhocal cinnte:
- cé acu de mo chairde a gheobhaidh cuireadh?
- cé acu den bheirt is mó clú?