An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.86
An Forainm Intriachtúil
Úsáidtear cuid de na forainmneacha ceisteacha mar fhorainmneacha (nó aidiachtaí)
intriachtúla:
- cá:
- cá hiontas duit bheith tuirseach!
- cá mhéad a théann amú le foghlaim dhíomhaoin!
- cá liacht uair a pheacaíomar!

- cad:
- cad a bhfuil de bhaois aige!
- cad é mar thubaiste!
- cad é a fheabhas (laghad, mhinicíocht) a léann sé é!
- cad é a bhfuil de dhaoine á marú!
- cad é mar a dhallann fearg daoine!
- cad é mar nach bhfuil ionainn ach díth céille!

- cé:
- cén leisce í sin ort nach n-éireofá!