An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.87

An Forainm Éiginnte
Seo cuid de na forainmneacha éiginnte is coitianta:
- cách (= gach duine):
- tá a fhios ag cách go bhfuil sé marbh
- ceachtar:
- (duine nó rud, as cúpla) d'fhéadfainn ceachtar acu a bhualadh
- níl ceachtar den bheirt ann
- cibé (whoever, whatever):
- cibé atá ann
- cibé a rinne sé.
- Gabhann an tabharthach rannaíoch le cibé i rogha (= whether):
- cibé acu is é nó nach é
- cibé acu de chuid an tsaoil seo é nó de chuid an tsaoil eile.

Úsáidtear cibé mar aidiacht freisin:
- cibé rud a rinne sé
- cibé buachaill ba chúis leis.
eile:
- i measc eile dá ndúirt sé
- ní raibh camán ná eile leis
neachtar (= ceachtar):
- níl neachtar acu ann.

Bíonn rogha i gceist sa fhrása nó neachtar acu:
- fan i do thost, nó neachtar acu, téigh amach
- an té (an forainm pearsanta éiginnte réamhtheachtach):
- an té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic
- tabhair an t-airgead don té ar leis é
uile:
- sin uile
- ina dhiaidh sin is uile.