14.9
Aimsirí simplí a thugtar ar an modh coinníollach agus ar an modh ordaitheach,
agus ar na haimsirí go léir atá i gceist in 14.5-6.
Roinntear na haimsirí simplí ina dhá n-aicme mar a leanas
- aimsirí príomha:
- an modh ordaitheach
- an táscach láithreach,
- an gnáthláithreach,
- an fáistineach,
- an foshuiteach láithreach.
- aimsirí stairiúla:
- an táscach caite,
- an gnáthchaite, an coinníollach,
- an foshuiteach caite.