An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.10

Le cois na n-aimsirí simplí sin thuas tá
- comhaimsirí
- nó
- aimsirí comhshuite
- ann fosta.

Ní foirmeacha briathartha iad ach frásaí ina bhfuil foirm den bhriathar cúnta



agus

ainm briathartha,

aidiacht bhriathartha

an bhriathair a fhreagraíonn don ghníomhú atá i gceist.

De ghrá na simplíochta is minic a thugtar aimsirí ar na comhaimsirí.

Dáiríre, is le comhréir a bhaineann na comhaimsirí, - ach tá sé áisiúil trácht
orthu anseo.

Tá trí shaghas comhaimsirí ann,
- aimsirí leanúnacha,
- aimsirí foirfe
- agus
- aimsirí timchainteacha.

Tá siad príomha nó stairiúil de réir mar atá aimsir an bhriathair chúnta príomha
nó stairiúil.