An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

3.1
Ceannlitir:

I ngnáthscríobh na Gaeilge is iondúil go n-úsáidtear ceannlitir i dtús focail
sna cásanna seo a leanas:
- i dtús abairte:
- Thángamar abhaile
- in ainmneacha Dé:
- an tAthair
- an Spiorad Naomh
- Mac Dé
- i dteidil speisialta:
- Caitliceach
- an Taoiseach
- Mo Dhá Róisín
- an Roinn

Oideachais
- i dteidil chinnte mar:
- Ard-Easpag Ard Mhacha
- Rúnaí na Roinne Airgeadais
- ach
- ollamh ollscoile
- ardeaspag nó cairdinéal
- rúnaí comhlachta
- i logainmneacha:
- Baile Átha Cliath
- Éire

- in ainmfhocal nó in aidiacht a chumtar ó ainm duine nó ó ainm áite:
- Súilleabhánach
- Spáinneach
- Connachtach
- Eorpach
- Corcaíoch

- in ainmneacha na laethanta, na míonna, na bhféilte agus a mbigilí:
- an Luan
- Dé Máirt
- Eanáir
- Lá Fhéile Muire na Deastógála
- Oíche Shamhna
- maidin Lae Nollag

- in ainmneacha teangacha:
- Laidin
- Gréigis

Mionlitir is gnách i gcásanna mar cearc fhrancach
- aiteann gaelach
- péacóg ghréagach

Cló iodálach, áit nach léiríonn an aidiacht brí náisiúntachta a thuilleadh.