An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

3.2

Cuirtear na rialacha thuas i bhfeidhm ar fhocail a bhfuil réamhlitir rompu
amhail is dá mbeadh gan an réamhlitir a bheith ann:
- i nDún na nGall
- Uachtarán na hÉireann
- Tomás Ó hAoláin
- an tSín.

Nuair a bhaintear feidhm as ceannlitreacha agus mion-cheannlitreacha i gcló suaitheantais is
mion-cheannlitreacha a úsáidtear gan fleiscín mar réamhlitreacha:
- CÚIL AN TSÚDAIRE
- STAIR NA HÉIREANN
- AN MUILEANN GCEARR
- CEOL NA NÉAN.

Mar an gcéanna is mion-cheannlitir a úsáidtear i gcás réamhlitir nuair is ceannlitir gach litir
den bhunfhocal:
- ÁR NATHAIR
- AN TATHAIR SÍORAÍ
- ach féadtar ceannlitir a úsáid freisin in

Urú ar chonsan, i gcás t roimh s, agus i gcás h roimh ghuta:
- CLANN NA NGAEL
- MAC AN TSAOI
- Ó HAOLÁIN
- POBLACHT NA HÉIREANN.