14.14
An Saorbhriathar
Is iad uimhir agus pearsa an ainmní a chinneann uimhir agus pearsa an
bhriathair.
Nuair nach luaitear aon ainmní úsáidtear foirm ar a dtugtar an
saorbhriathar(15.29-33), sin nó foirm an tríú pearsa uatha gan ghníomhaí
(15.34-35).
Tá an saorbhriathar saor ar uimhir agus ar phearsa.
Is gnách foirmeacha pearsanta a thabhairt ar na foirmeacha briathartha nach
saorbhriathra.