14.13
Na haimsirí timchainteacha
Sraitheanna eile iad seo ina dtráchtar ar an ngníomhú
a bheith le tosú
go díreach
i ndiaidh an ama a léiríonn an briathar cúnta:
- tá mé ar tí an fógra a léamh
uair éigin ina dhiaidh:
- tá mé chun an fógra a léamh.
Tá sraith d'aimsirí leanúnacha timchainteacha ann freisin:
- tá Síle chun bheith ag obair arís i gceann seachtaine.