An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.19
Tá foirmeacha coibhneasta:
- láithreach,
- gnáthláithreach
- agus
- fáistineach
taobh amuigh den chaighdeán oifigiúil
- ag na briathra rialta,
agus
- ag cuid de na briathra neamhrialta,
- agus
- tá foirm choibhneasta fháistineach
- ag bunáite na mbriathra neamhrialta.

- Úsáidtear iad go minic
- sa litríocht,
- sna paidreacha
agus
- sa chaint,
- in ionad na bhfoirmeacha dar críoch
- -nn,
- -idh
- atá sa chaighdeán oifigiúil.

Chun na foirmeacha coibhneasta leithleacha sin a chumadh
- cuirtear -s in áit -nn i bhfoirceann an láithrigh
- agus
- an ghnáthláithrigh scartha,
- agus
- cuirtear -eas, -s in áit -idh,
- ar lorg consain agus ar lorg guta, faoi seach,
- i bhfoirceann an fháistinigh scartha:
- dhúnas,
- dhúnfas
- bhriseas,
- bhrisfeas
- phacálas, phacálfas
- shiúlas, shiúlfas
- dhós, dhófas
- phléas, phléifeas
- chaíos,
- chaífeas
- ghuíos, ghuífeas
- thosaíos, thosós
- dhíríos, dhíreos
- chosnaíos, chosnós
- choiglíos,
- choigleos
- aithrisíos, aithriseos
- déarfas
- bheireas, bhéarfas
- bhíos,
- bheas (neamhrialta)
- chloisfeas
- chluinfeas
- dhéanfas
- gheobhas
- tífeas
- itheas
- íosfas
- bhéarfas (<-tabhair)
- thiocfas
- rachas.