14.20
Cé go n-úsáidtear (taobh amuigh den chaighdeán) na foirmeacha dar críoch -s, ní
hiad na foirmeacha coibhneasta leithleacha a luaitear in 14.18 a úsáidtear ar
lorg an chónaisc ó, ach an fhoirm neamhspleách:
- ó táim (tá, táimid, táthar)
- ó ba eisean an rí.
Ach úsáidtear an fhoirm choibhneasta dhíreach dhiúltach ar lorg ó:
- ó nach é, ó nárbh é.