14.21
Fréamha an Bhriathair
Tugtar fréamh an bhriathair
ar fhoirm an dara pearsa uatha den mhodh ordaitheach:
- dún,
- ól,
- bí.
Nuair is mian briathar a ainmniú is í an fhréamh is gnách a lua sa leabhar seo,
ach féadtar an chéad phearsa uatha den táscach láithreach a lua fosta:
- dúnaim,
- ólaim,
- táim.