14.27
Fo-aicmiú na Réimnithe
Tá aicmí éagsúla briathra ag gabháil le gach ceann den dá réimniú.
Is de réir a gcuid foirceann a aicmítear iad.
Lena chois sin ní hionann, in aimsirí áirithe, foirm thosach an bhriathair dar
tús guta nó f agus foirm thosach an bhriathair dar tús consan eile, ach níl aon
aicmiú ar leith déanta ar na briathra chun sin a léiriú.
Mar shampla,
- tá ól, fan agus dún
- san aicme chéanna cé gur
- d'ól, d'fhan, dhún
- na foirmeacha sa tríú pearsa den táscach caite neamhspleách.
Tá cur síos in 14.33 ar na difríochtaí sin i gcás briathra den chéad aicme.
Is mar atá léirithe ansin freisin a dhéantar na hathruithe tosaigh i gcás
briathra dar tús guta nó f in aon aicme eile.