14.28
Briathra Coimrithe
Is é is briathar coimrithe ann briathar a bhfuil a fhréamh ilsiollach de réir an
litrithe nó de réir na fuaime agus a gcailltear guta(í) an dara siolla aici
nuair a chuirtear foirceann léi.
Mar shampla, tá adhain (14.39) ilsiollach de
réir an litrithe amháin, ach tá cosain (14.47) ilsiollach i ngach slí.