14.32
- Aicme 1
- Briathra ar consan leathan is críoch dá bhfréamh
- Briathar samplach
dún
An modh ordaitheach An táscach láithreach An táscach caite
1 u dúnaim dúnaim dhún mé
2 u dún dúnann tú dhún tú
3 u dúnadh (sé) dúnann (sé) dhún (sé)
1 i dúnaimis dúnaimid dhúnamar
2 i dúnaigí dúnann sibh dhún sibh
3 i dúnaidís dúnann (siad) dhún (siad)
s dúntar dúntar dúnadh
An táscach gnáthchaite
An táscach gnáthchaite An táscach fáistineach
neamhspleách spleách
1 u dhúnainn ní dhúnainn, etc. dúnfaidh mé
2 u dhúntá an ndúntá, etc. dúnfaidh tú
3 u dhúnadh (sé) dúnfaidh (sé)
1 i dhúnaimis dúnfaimid
2 i dhúnadh sibh dúnfaidh sibh
3 i. dhúnaidís dúnfaidh (siad)
s dhúntaí dúnfar
An coinníollach
An coinníollach An foshuiteach láithreach
neamhspleách spleách
1 u dhúnfainn ní dhúnfainn, etc. go ndúna mé
2 u dhúnfá an ndúnfá, etc. go ndúna tú
3 u dhúnfadh (sé) go ndúna (sé)
1 i dhúnfaimis go ndúnaimid
2 i dhúnfadh sibh go ndúna sibh
3 i dhúnfaidís go ndúna (siad)
s dhúnfaí go ndúntar
Is ionann foirmeacha don fhoshuiteach caite agus don ghnáthchaite spleách.
An t-ainm briathartha: dúnadh
gin. dúnta
an aidiacht bhriathartha: dúnta.
Ní thaispeántar na hathruithe tosaigh ar an bhfoirm spleách sna táblaí
réimnithe.
Sna haicmí ina dhiaidh seo ní thugtar an fhoirm scartha ach uair amháin i ngach
aimsir, agus gan forainm nó ainmfhocal ina teannta.
Aon áit a bhfuil fleiscín i liosta d'fhoirmeacha briathartha sa chaibidil seo
feasta ionadaíonn an fleiscín na litreacha i gcló trom atá i dtosach an liosta,
e.g. in 14.34 -eadh = briseadh.