An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.33

Tá roinnt foirmeacha ar leith i ngach aicme ag briathra rialta dar tús guta nó
f.

Is ina dtosach atá siad leithleach, agus tá siad mar sin sa tslí chéanna i ngach
aicme.

Seo na haimsirí ina bhfuil na foirmeacha sin, mar aon le foirmeacha na mbriathra
- ól,
- fan.

An táscach caite neamhspleách:
- d'ól,
- d'ólamar,
- óladh
- d'fhan,
- d'fhanamar,
- fanadh

spleách: ól,
- ólamar,
- óladh
- fhan,
- fhanamar,
- fanadh

An gnáthchaite neamhspleách:
d'ólainn, -tá, -adh, -aimis, -aidís, -taí
d'fhanainn, -tá, etc.
spleách: ólainn, -tá, etc.
fanainn, -tá, etc.

An coinníollach neamhspleách:
d'ólfainn, -fá, -fadh, -faimis, -faidís, -faí.
d'fhanfainn, -fá, etc.
spleách: ólfainn, -fá, etc.
fanfainn, -fá, etc.

Ní thugtar aon fhoirm spleách sa chaibidil seo feasta ach i gcás briathra
neamhrialta.

Féach 14.36.