An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.37

Aicme 3 Briathra ó fhréamhacha ilsiollacha dar críoch -áil

Réimnítear iad mar a dhéanfaí dá mba
-ál
ba chríoch dá bhfréamh
ach amháin go gcaolaítear l roimh t agus i bhfoirceann an fhocail.

- Briathar samplach

pacáil

m.o. pacálaim, -áladh, -álaimis, -álaigí, -álaidís, -áiltear
t.l. pacálaim, -álann, -álaimid, -áiltear
t.c. phacáil, phacálamar, pacáladh
t.g.c. phacálainn, -áilteá, -áladh, -álaidís, -áiltí
t.f. pacálfaidh, -álfaimid, -álfar
m.c. phacálfainn, -álfá, -álfadh, -álfaimis, -álfaidís, -álfaí
f.l. pacála, -álaimid, -áiltear
ainm br. pacáil, gin. pacála
- aid. bhr. pacáilte.