An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.38

Aicme 4 Dornán briathra (fréamh ilsiollach ag a mbunáite) ar consan caol is
críoch dá bhfréamh.

Féach an tAguisín.

Chun na briathra seo a infhilleadh leathnaítear an fhréamh agus réimnítear iad
mar a dhéantar le briathra Aicme 1 ach amháin i bhfoirm scartha an táscaigh
chaite.

Briathar samplach

siúil

m.o siúlaim, siúil, -adh, -aimis, -aigí, -aidís, -tar
t.c. shiúil, shiúlamar, siúladh
ainm br. siúl, gin. siúil, siúlta: aid. bhr. siúlta.

Maidir le dhá ghinideach a bheith ag an ainm briathartha siúl, féach 17.11.