An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.61
Deilbhíocht Na Copaile
Briathar uireasach is ea an chopail.

Tá na foirmeacha seo a leanas ar iarraidh uaithi:
- an modh ordaitheach,
- na foirmeacha táite,
- na saorbhriathra,
- an t-ainm briathartha,
- an aidiacht bhriathartha.

Tá an chopail neamhrialta le cois bheith uireasach.