14.62
Níl ach dhá fhoirm shimplí ag an gcopail
(is é sin, dhá fhoirm nach bhfuil aonfheidhm eile acu ach feidhm briathair):
- is, foirm na n-aimsirí príomha:
- is bó mhaith í
- is amhlaidh atá
- ba, foirm na n-aimsirí stairiúla:
- cat ba ea é
- ba lách an duine é
Ach tá roinnt mhaith foirmeacha comhshuite ag an gcopail,
foirmeacha a bhfuil feidhm eile acu i dteannta feidhm briathair.
Is é atá sna foirmeacha comhshuite ná cumaisc den chopail agus na míreanna
briathartha:
- an,
- go,
- ní,
- nach
- na cónaisc
- a,
- go,
- nach,
- má,
- mura,
- ó,
- sula
- na forainmneacha ceisteacha
- cá (= cad),
- cé
- na réamhfhocail
- de,
- do,
agus réamhfhocail eile dár críoch guta.
Tá an chopail báite ar fad i gcuid de na focail eile sin sa tslí nach bhfuil aon
difríocht idir foirm an chumaisc agus foirm an fhocail eile.