14.63
Amach ó dhornán foirmeacha a úsáidtear i nguíonna
is féidir dhá roinn a dhéanamh de na foirmeacha copaileacha uile,
idir shimplí agus chomhshuite
- (1) foirmeacha na n-aimsirí príomha
- (2) foirmeacha na n-aimsirí stairiúla.
Ní aithnítear idir mhodhanna ná aimsirí, uimhir ná phearsana, taobh istigh de
gach roinn.
Is é an comhthéacs a chuireann an modh agus an aimsir,
etc., in iúl.