An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.65
Foirmeacha Príomha na Copaile

An Modh Foshuiteach Láithreach (Guí) dearfach:
- gura, gurab:
- gura slán an scéalaí
- gurab amhlaidh duit
diúltach: nára, nárab:
- nára fearrde thú é
- nárab é duit

Foirmeacha Príomha Eile
ráiteasach | ceisteach |
dearfach diúltach | dearfach | diúltach
-----------------------------------------------------------------------
a) Sa phríomhchlásal | is | ní | an | nach
agus ar lorg | | | |
arae, mar, nó, óir i | | | |
gcásanna áirithe (31.1) | | | |
------------------------------------------------------------------------
b) An fhoirm | | | |
choibhneasta | | | |
(i) díreach | is | nach | |
(ii) neamhdhíreach | ar, arb | nach | |
------------------------------------------------------------------------
c) I bhfochlásail eile | gur, gurb | nach | an | nach
-------------------------------------------------------------------------
Samplaí:
- a)
- is bó mhaith í
- ní capall óg é
- an fíor sin?
- nach ea?
- níl sé anseo arae (mar, nó, óir) is lá saoire é

- b)
- (i)
- an fear is fearr
- rud nach fíor
- b)
- (ii)
- an té ar leis é
- aon duine arb eol dó an freagra
- cailín nach cuimhin léi mé

- c)
- sílim nach fiú scilling é
- an bhfuil a fhios agat an fíor é?
- níl a fhios agam an ea nó nach ea.

-----------------------------------------------------
Focail a bhíonn i| |
gcumasc le is | cónasc | forainm | Réamhfhocal
---------------------------------------------------------------------------
| má | ó | mura | sula | cé | cá | do
---------------------------------------------------------------------------
| más| ós| mura | sular | cé | cá | dar
| | | murab | sularb | cér | cárb | darb
-------------------------------------------------------------------------
faoi, i, le,ó trí: faoinar, etc.

Foirmeacha de shaghas
(a)
thuas is ea más, ós.
Ní úsáidtear iad ach i gclásail dhearfacha:
- más maith leat
- ós tú an captaen

Mura(b), ó nach a úsáidtear i gclásail dhiúltacha ina n-ionad:
- mura mian leat
- murab é sin é
- ó nach Éireannach í.

Foirmeacha de shaghas
(b) (i) is ea cé, cá
- cé hé?
- cá haois thú?

- Foirmeacha de shaghas
(b) (ii) is ea cé, cér, cárb, dar(b),
- faoinar, etc.:
- cér díobh thú?
- cárb as é?
- dán dar teideal (darb ainm) "Uaigneas"
- áit inar mian (inarb aoibhinn) liom cónaí
- scéal faoinar deacair (faoinarb éasca) labhairt.

- Foirmeacha de shaghas
(c) is ea mura(b), sular(b):
- mura fíor é
- murab amhlaidh atá
- sular féidir leis éirí
- sularb éigean duit.