14.66
- Gur/gurb
Is gnách go n-aithnítear idir na cásanna ina n-úsáidtear gur agus gurb mar seo:
- gur a úsáid:
- roimh chonsan:
- gur breá liom é
- roimh ainmfhocal de ghnáth:
- gur amadán (fear críonna, etc.) é
- roimh réamhfhocal:
- gur ag (le, etc.) Seán atá siad
- roimh fhorainm réamhfhoclach:
- gur uathu a fuarthas é
- roimh dhobhriathar nach dobhriathar aidiachtach (de ghnáth):
- gur inné a d'imigh sé
- roimh é, í, iad, eisean, ise, iadsan, más gníomhaí nó cuspóir ainm
bhriathartha an forainm:
- gur é a theacht is ceart
- gur é a bhailiú a chreideann sí is fearr
- roimh aidiacht dar tús consan:
- gur maith an fear é.
- gurb a úsáid roimh ghuta i gcásanna áirithe
- roimh ea, é, í, iad, eisean, ise, iadsan nuair nach gníomhaí ná cuspóir ainm
bhriathartha
- iad:
- gurb ea
- gurb é is cúis leis
- roimh aidiacht dar tús guta (de ghnáth):
- gurb álainn an lá é
- roimh an dobhriathar amhlaidh agus roimh dhobhriathar aidiachtach:
- gurb amhlaidh atá
- gurb annamh a thagann sé
- gurb airde a léim Tomás
- roimh ainmfhocal dar tús guta i múnlaí áirithe:
- gurb áil leis
- gurb acmhainn (éigean, eol) dóibh.