An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.71

Roimh fhocail dar tús
- fhl-,
- fhr-,
- agus roimh chonsan ar bith eile nach f, a
úsáidtear ba agus na foirmeacha dar críoch r.

Roimh ghuta, nó fh a bhfuil guta ar a lorg,
a úsáidtear na foirmeacha eile,
ach amháin go n-úsáidtear ba (in ionad b') roimh ea, é, í, iad, eisean, etc.

Ní úsáidtear an cumasc cérbh ach roimh é, í, iad, eisean, etc.

Ní dhéantar cumasc den chopail stairiúil choibhneasta dhíreach
agus cé nuair nach forainm pearsanta a leanann cé:
- cérbh é ach cé ab fhearr?
- cé ba chaptaen oraibh?

Úsáidtear go mb' sa mhúnla:
- dúirt (cheap, etc.) sé go mb'fhéidir go (gur, nach, nár) etc.